Images protected by Greenhouse School Websites

Urbleshanny National School

  • Search Search Site
  • Translate Translate Page
  • Instagram Instagram

Peil na mBuachaillí 2023

Imríodh cluiche ceannais, Roinn a hAon, de chomórtas peile na mbunscoileanna i mBaile na Lorgan, ar An Satharn, 11 Samhain. Scoil Náisiúnta Iorball Sionnaigh agus Gaelscoil Ultain a bhí san iomaíocht. Ón chéad bhomaite, luigh na buachaillí ón Iorball Sionnaigh isteach ar an imirt agus ba ghearr go raibh siad chun tosaigh agus, dár ndóigh, ní raibh siad ar chúl ag aon am ar bith le linn an chluiche. In ainneoin gach rud a chaith Gaelscoil Ultain ina n-aghaidh, bhí an lámh in uachtar ag buachaillí na Boithe, nuair a shéid an réiteoir an fheadóg dheiridh. Lig na tacaithe gáir mholta astu agus bhí bród an domhain orthu nuair a bhronnadh an Corn Mhic Fhinn ar chaptaen na foirne, Ultan Ó Gallchóir.

An Scór Deiridh : Scoil Náisiúnta Iorball Sionnaigh 8-12, Gaelscoil Ultain 3-8